skoool.ie
 
interactive learning Home  |  Add to Favourites  |  Feedback  |  Help
 
time for skoool
 
Print page Print page
 homework zone   « back 

Teideal an dáin|Cineál dáin|Téama an dáin|Mothúcháin|Teicníochtaí Filíochta

Dán do Mhelissa
le Nuala Ni Dhomhnaill

Teideal an dáin

  • Ciallaíonn an teideal gur thiomnaigh an file é dá hiníon, Melissa.

Cineál dáin

  • Bíonn gach máthair cosantach  moltach agus brionglóideach i dtaobh a páistí féin.
  • Go minic samhlaíonn an mháthair saol aislingeach idéalach dá clann, cé go dtuigtear di go bhfuil anró cruatan agus fulaingt ag feitheamh leo freisin.
  • Is óid d’iníon an fhile an dán seo.
  • Tá an mháthair ag guí go mbeidh saol sona, saor o chruatan agus ó fhulaingt ag a hiníon (L3,4)
  • Tá macallaí an oide le sonraí ann.
  • Cruthaítear pictiúr de dhomhan ídéalach sona sa dán, domhan a fháilteodh roimh an gcailín is a dhéanfadh í a chosaint ó fhórsaí an oilc. (L15,16)
  • Geallann an mháthair dá hiníon go dtabharfadh sí aire mhaith di is go gcosnóidh sí in am an anfa í. (L19,20)
  • Tá rithim an cheoil agus an rince le sonrú sa dán ina gcruthaítear scenario atá an-chosúil le Gáirdín Éidin dúinn sular bhlais Ádhamh toradh ó chrann na haithne – domhan idéalach rómánsach.
  • Dán pearsanta é ina nguíonn an file gach rath agus gach sonas ar a hiníon.
  • Cuirtear gnéithe eagsúla den domhan seo ós ár gcomhair agus cruthaítear domhan ina bhfuil an bua ag an maith ar an olc. (L11)

Téama an dáin

  • Grá máthar dá páiste.
  • Is grá oscailte cosantach neamhleithscéalach an grá.
  • Bheadh an mháthair sásta bás a fháil ar son a linbh iníne.


Mothúcháin

  • Is é grá máthartha gan teorainn a léiríonn an file dá hiníon an mothúchán is láidre.


Teicníochtaí Filíochta

Íomhánna

  • Lán d’íomhánna taitneamhacha úra atá ceangailte den óige agus den dúlra
  • Cruthaítear atmaisféar an dáin sa chéad véarsa agus ina dhiaidh sin cuirimid aithne ar ainmhithe agus ar éin agus ar ghnéithe eile den dúlra
  • Sa tríú véarsa feicimid sampla d’fhallás na truamhéala nuair atá an dúlra ar aon chéim le tnúthán an chailín (L9,10, 11) Is íomhánna gleoite iad seo a bhfuil macallaí ón mBíobla agus ón domhan réamh-Chríostaí le sonrú iontu.
  • Tá 3 íomhá faoi leith sa 4ú véarsa a chruthaíonn pictiúr den domhan idéalach na hóige ar mhaith leis an bhfile a bhronnadh ar a hiníon óg.
    (L13)- domhan sábháilte oscailte fáilteach.
    (L14)- domhan nach baol do pháistí ann.
    (L15)- An neamhúrchóid a bhaineann leis an óige.
  • Tá an meafar is láidre sa dá líne dheiridh den dán
    (L19, 20)- Bunaithe ar seanfhocal ‘ meileann muilte Dé go mall’ ach ‘meileann siad go mín’ = téann proiseas an bheatha ar aghaidh go mall ach go dtéann sé ar aghaidh gan stad. An chiall sa dán atá leis ná nár mhaith leis an bhfile go gcaillfeadh a hiníon a féinaitheantas, a neamhspléachas, a saoirse phearsanta ach go gcoinneodh sí a leithlí i gcónaí.

  Siombailí

  • An ribín agus na fáinní óir – neamhurchóid na hóige
  • An gearrcach éin – staid an iníon, gan a chéad chéim tógtha fós aici
  • An duilliúr fige – chúdach éadaigh a chuireann daoine orthu le hiad féin a cheilt mar go bhfuil siad nocht
  • An muileann – cruatan an tsaoil, domhan na ndaoine fásta.

  Friotal

  • Friotal nádúrtha dúchasach fileata.
  • In oiriúint d’ábhar an dáin.
  • Ag iarraidh pictiúr de dhomhan neamh-thruaillithe an chailín a chruthú.
  • Focail agus íomhánna a oireann don phictiúr.

  Codarsnacht

  • Idir domhan neamh-thruaillithe neamhurchóideach na hóige agus domhan an duine fásta atá lán d’anró agus cruatan.
  • Véarsa 3 tá codarsnacht idir
      -an damh agus an madra allta
      -an naíonán agus an nathair nimhe
      -an leon agus an uan
  • Sa véarsa deireadh idir
      -an domhan idéalach a shamhlaíonn an file dá hiníon agus an domhan réadúil.

Meadaracht

  • Saorvéarsaíocht
  • Cloíonn sí le rímeanna agus le rithimí a théann i bhfeidhm ar chluas an léitheora.
  • Uaim ( L11, 14)
  • Aicill (L7,8,13,14)
  • Rím dheireadh tríd síos
  • Athrá – mín ag deireadh véarsa 1, 3, 4, 5.
    Tá casadh ar an nath sa véarsa deiridh áit a bhfuil débhríocht ag baint leis, domhan a bhronnadh uirthi vs í a chosaint ón domhan.
  • Baintear úsáid as an modh coinníollach sa dán
    ba mhaith
    meilfí
  • Ceol agus ornáideachas sa friotal.
  • Paradacsa sa líne deireadh – d’fhéadfadh domhan atá mín mín teacht aniar aduaidh ar dhuine agus é a mheilt go mín mín.
  • Macallaí den dán fada cáiliúil ‘Desiderata’ le sonrú.

 

Top

 

 Copyright © 2008 Intel Corporation Contact us | About skoool | skoool Awards | About Supporters | Terms of Use | Privacy & Security