skoool.ie
 
interactive learning Home  |  Add to Favourites  |  Feedback  |  Help
 
time for skoool
 
Print page Print page
 exam centre - leaving cert   « back 

Teideal na dáin|Cinéal dáin|Téama an dáin|Mothúcháin|Teicníochtaí filíochta

Oíche Nollaig na mBan

Teideal an dáin

  • Titeann Nollaig na mBan ar an séú lá de mhí Éanáir,
    an lá deireanach de dhá lá dhéag na Nollag.
  • Deireadh le féile bheannaithe na Nollag.
  • Cumas ag fórsaí an oilc seilbh a fháil ar an domhan athuair.
  • Nós ag daoine coinnle a lasadh an oíche sin.

Cinéal dáin

  • Is liric phearsanta an dán seo 
  • Déanann sé neart na stoirme agus a chruachás féin a fhí le chéile.
  • Úsáid as íomhánna láidre neamhchoitianta agus an dorchadas.
  • Chaith sé cuid mhaith dá shaol ina aonar ina theach cónaithe.
  • Bhí an dhrochshláinte ag goilleadh air, mar ghlac sé eitinn go luath ina shaol.
  • Ba le linn na hoíche a chumadh sé a chuid filíochta de ghnáth.

Téama an dáin

  • Bás
  • Coimhlint idir fórsaí an tsolais (coinneal) agus an dorchadais (an stoirm)
  • An file ag machnamh ar an mbás 
  • Ní raibh bás riamh rófhada ó smaointe an fhile.

Mothúcháin

  • Mothúcháin an fhile ar aon dul leis an stoirm.
  • Cuthach feirge nuair a thuigtear dó nach féidir an bás a sheachaint.
  • 2ú véarsa- fáiltíonn sé roimh an mbás nó glacann sé leis
  • Éadóchas sa dara véarsa.

Teicníochtaí filíochta

Íomhánna

  • Raidhse leathan d’íomhánna láidre neamhchoitianta.
  • An íomhá is láidre ná an pearsantú a dhéantar ar an stoirm mar ghealt a d’éálaigh. Líne 1,3.
  • B’fheasach dó an ceangal idir an ghealach agus gealtachas sa duine daonna.
  • Is meafar an-chumhachtach é a cruthaíonn pictiúr scanrúil in aigne an léitheora
  • Tá gach rud sa chéad véarsa faoi gheasa ag tionchar agus neart na stoirme. Líne 5,6,7,8.
  • Tá an tsamhlaíocht agus an fhuaimníocht sna híomhánna ar fheabhas ar fad.
  • Is siombail í an choinneal den dóchas, de shíocháin bheannaithe na Nollag. Nuair a mhúchtar an choinneal cailltear pé dóchas atá fágtha ag an bhfile. Tagann an dorchadas in áit an tsolais agus fágtar an file in umar na haimléise.
  • Tá na híomhánna sa dara véarsa ar fheabhas freisin. In áit sholas na coinnle tá ‘solas an pheaca’. Meafar é a fhreagraíonn do chíor thuathail intinne agus spioradálta an fhile. Is paradacsa é a léiríonn éadóchas an fhile  mar go dtugann sé suntas don pheaca, don bhás, don phágántacht.
  • Ciallaíonn líne 11, go bhfuil sé réidh le bás a fháil, go bhfuil sé tinn tuirseach den saol.
  • Níl aon ord ná eagar ná brí sa saol a thuilleadh (líne 13,14).
  • Is paradacsa é líne 15. Tá imeagla sa chiúnas.
  • Meafar é ‘inneall an ...’. Ciallaíonn sé ócáid an bháis.

Siombailí

  • An-chuid siombailí in úsáid sa dán.
  • Is siombail é an teideal do chlabhsúr a bheith curtha ar shéasúr na Nollag.
    An ghealach don ghealtachas agus do chíor thuathail na stoirme.
    An ghealt do mheon an fhile.
    An choinneal don dóchas, creideamh Críostaiochta.
    An stoirm don bhás.
    An gluaisteán don bheatha saolta.

Friotal

  • An-oiriúnach d’ábhar an dáin
  • Rithim agus cumhachtach na stoirme sa fhriotal a úsáideann sé.
  • Comhfhocail (gealt-teach) agus fuaimfhoclaíocht (abhainn shlaghdánach) agus onamataipé (gogallach gé) chun neart na stoirme a léiriú.

Codarsnacht

  • Fuinneamh na stoirme sa chéad véarsa agus ciúnas a bheidh ann nuair atá an stoirm séidte.
    solas na gcoinnle agus an dorchadas
    dearcadh éadóchasach i leith an bháis agus dearcadh Chríostaí
    idir an 1ú agus 2ú véarsa, níos mó torann sa 1ú véarsa.

Atmaisféar

  • Scanrúil dorcha éadóchasach bagrach.
  • Cuidíonn an pearsantú den stoirm leis an atmaisféar a chruthú.
  • Cuidíonn na briathra foréigneacha (scréach, ghíosc, bhúir) go mór leis.
  • Cuidíonn na híomhánna scéirdiúla (liúirigh ón .., scuaine scread) leis an atmaisféar a neartú chun buaice.

An dúlra

  • Tá an dúlra claochlaithe as a riocht sa dán. Tuigeann sé an drámaíocht a d’fhéadfaí a bhaint as fallás na truamhéala, nuair a fhreagraíonn an dúlra do chruachás an duine.
  • Tá an file ag iarraidh ar an dúlra teacht i gcabhair air agus é ag fáil bháis.
  • Líne 9,15 is achainní nó guí na línte seo.
  • Is gné dhorcha sceirdiúil bhagrach den dúlra a léirítear sa dán.

Athrá

  • Chun éifeacht na drámatachta a threisiú.
    gur ghíosc
    gur bhúir
    gur múchadh....

Meadaracht

  • Tá 4 bhuille agus 3 bhuille i ngach ré líne.
  • Tá comhfhuaim i ndeireadh na gcorrlínte (ré, gé) agus na rélínte (tharbh, fhearg)
  • Tá uaim go forleathan sa dán, Líne 5,14. Cuireann sé le  rithim an dáin.

 

Top

English Maths Irish Biology Chemistry Physics Business French German Geography Home Ec. Applied Maths
 Copyright © 2008 Intel Corporation Contact us | About skoool | skoool Awards | About Supporters | Terms of Use | Privacy & Security